|
Siopa an Spailpín sa gCeardlann |
Gearóid ó Murchú |
|
Thosnaigh An Spailpín Fánach i 1979 mar thionscnamh beag a raibh d'aidhm aige an Ghaeilge a thabhairt isteach sa nua-aois trí shuaitheantais, greamaitheoirí agus T-léinte Gaeilge a dhearadh agus a chur ar fáil. Ar feadh blianta ina dhiaidh sin chaith muid míonna an tsamhraidh ag taisteal ó cheann ceann na tíre "ag díol is ag reic ár sláinte" ar nós na spailpíní fadó. Thugadh muid cuairt ar na Gaeltachtaí ar fad, rinne muid neart cairde nua, agus d'fhoghlaim muid go leor. Ó 1985 i leith tá muid lonnaithe i gCeardlann an Spidéil, ionad breá tarraingteach, áit a n-oibríonn grúpa lámhcheardaithe i dteannta a chéile i suíomh álainn ar bhruach na mara. Is ionad de chuid Údarás na Gaeltachta an Cheardlann. Síodchló an phríomhcheard a bhíonn ar siúl againn féin. Déanann muid féin an dearadh agus cuirtear na léinte agus earraí eile i gcló ar an láthair. Déanann muid iarracht teacht suas le smaointe agus dearadh nua ar bhonn rialta. Is é Turlough O'Connor fear na clódóireachta, agus sí Hedi Gotthalmseder (Ostaireach atá de réir a chéile ag fáil greim ar an teanga), atá anois ag bainistiú an tsiopa, agus aon jaibeanna beaga fánacha eile a bhíonn le déannamh, fágtar fúmsa iad. Agus sa samhradh bíonn cúnamh breise againn ó dhaoine óga cumasacha an cheantair. Bunaíonn muid ár gcuid deara ar an dúchas, ar an tseandálaíocht, ar sheanfhocail agus roinnt cartúin fiú. Is maith linn a cheapadh go bhfuil rud eicínt againn don uile dhuine. Cé go ndíríonn muid go príomha ar ár gcuid táirgí féin, chiallaigh an spás siopa atá againn sa gCeardlann, go raibh muid in ann ár réimse earraí a leathnú go suntasach. Ins an siopa anois , chomh maith le T-léinte agus geansaithe tá cártaí beannachtaí, leabhair do pháistí agus do dhaoine fásta, dlúthdhioscaí, cúrsaí Gaeilge, gallúnach lámhdhéanta, clúdaigh cuisíní síoda, scairfeanna Ceilteacha veilbhit agus iliomad earraí eile. Sé an aidhm atá againn, freastal ar lucht na Gaeilge agus orthu siúd ar mian leo an Ghaeilge a shníomh isteach ina saol laethúil. Sa samhradh fáiltíonn muid roimh na mílte strainséirí ó thíortha eile agus is breá linn an dúchas Gaeltachta a roinnt leo. Is mór linn do thacaíocht. Gearóid ó Murchú |
|


