An dóigh le ceannacht
Gabh go dtí na leathanaigh ar a bhfuil na hearraí atá tú ag iarraidh a cheannacht agus brúigh an cnaipe Cuir sa Bhascáid do gach earra. Nuair atá na hearraí roghnaithe agat, gabh go dtí an leathanach Seiceáil Amach. Ar an leathanach seo, brúigh 'Ordaigh na hEarraí Seo' le taispeáint go bhfuil tú sásta dul ar aghaidh agus iarrfar sonraí ort faoin seoladh sonraisc, seoladh seachadta agus an modh íocaíochta.
Modhanna Íocaíochta
Glacaimid íocaíocht le cárta creidmheasa. Cuir d'ordú isteach agus déanfaidh comhlacht do chárta creidmheasa comhsó ar an bheart i d'airgeadra féin. Glacaimid le Visa, Mastercard agus Laser. Ní bhaineann muid táille amach go dtí go bhfuil muid réidh chun na hearraí a sheoladh chun bealaí. Is féidir leat sonraí do chárta creidmheasa a thabhairt dúinn ar an teileafón nó trí faics, más mian leat. Is féidir íoc freisin le seic ach dul i dteagmháil linn roimhré tríd an ríomhphost spailpin@eircom.net.
Seachadadh
Déanfar na costais seachadta a áireamh agus a thaispeáint ar leathanach an Seiceáil Amach sula mbeidh ort d'ordú a chinntiú.
Sceideal do sheachadadh
Sceideal do sheachadadh
De ghnáth, cuirfimid d'ordú chun bealaigh laistigh de 3 lá oibre. Má tá fáth ar bith nach mbeidh muid in ann sin a dhéanamh,
cuirfimid in iúl duit é tríd ríomhphost. Beidh deis agat ansin an t-ordú a chur ar ceal más fearr leat. Is tríd an gnáth
phost caighdeánach a dhéanfar seachadadh in Éirinn, agus tríd gnáth aerphost go dti gach tír eile.
Seachadadh laistigh d'Éirinn (32 chontae)
Gnáth phost - seachadta laistigh de 2 lá de ghnáth
Seachadadh chuig an Ríocht Aontaithe:
Gnáth phost - seachadta laistigh de 7 lá de ghnáth
Seachadadh laistigh den chuid eile den Aontas Eorpach:
Gnáth aerphost - seachadta laistigh de 7 lá de ghnáth
Seachadadh laistigh de SAM agus Ceanada:
Gnáth aerphost - seachadta laistigh de 10 lá de ghnáth
Seachadadh laistigh den Áise, den Astráil agus den Nua-Shéalainn:
Gnáth aerphost - seachadta laistigh de 14 lá de ghnáth
As Stoc
Má tá earra a d'ordaigh tú as stoc cuirfimid in iúl duit é tríd an ríómphost
agus ofráilfidh muid rogha eile duit nó an deis an t-ordú a chur ar ceal.
Táillí Cánach
Cuirtear CBL le horduithe ó Éirinn nó ó thír ar bith eile san Aontacht Eorpach. Tá orduithe ó thíortha lasmuigh den Aontacht Eorpach saor ó CBL. Déanfar é seo a mheas ón seoladh seachadta.
Cártaí Creidmheasa
Déantar uimhreacha na gcártaí creidmheasa go léir a incriptiú sna bogearraí, ag úsáid incriptiúchán 128 giotán, nuair a fhaightear ordú isteach. Ní féidir le duine ar bith ach amháin ár rannóg próiseála na sonraí a léamh. Níl siad coinnithe i bhfoirm inléite ar aon shuíomh gréasáin.
Ráthaíocht
Geallaimid go mbeidh tú sásta le do cheannacht. Mura bhfuil tú sásta le hearraí ar bith, cuir ar ais iad laistigh de 30 lá, le do thoil.
Polasaí Rúndachta
Ní thugaimid aon eolas faoin ár gcustaiméirí do thríú páirtí.