|
Peigín Leitir Móir - CD agus leabhar do pháistí
Ón bhfoireann chéanna a chuir Gugalaí Gug i láthair an tsaoil (a bhfuil 7,000 cóip
de díolta ón uair ar foilsíodh i ndeireadh na bliana 2005 é),
seo cnuasach álainn eile, i bhfoirm leabhair agus dlúthdhiosca de rannta agus amhráin ón traidisiún.
Trí ghlúin d'fhonnadóirí agus rannairí atá le cloisteáil arís ar Peigín Leitir Móir - ina measc, buaiteoir chomórtas sean-nós na mban ag Oireachtas na Gaeilge: Caitlín Ní Chualáin, ó Indreabhán; an t-aisteoir aitheanta ón Spidéal, Peadar Ó Treasaigh (a ghlac páirt sna scannáin Cré na Cille agus Kings); chomh maith le foireann rannairí agus amhránaithe ó Scoil na Tulaí agus Scoil Thír an Fhia i gConamara. Is cinnte go mbeidh tóir mhór air i measc na mílte a cheannaigh an chéad teideal sa tsraith, Gugalaí Gug!
Cuir
|