Tá An Spailpín Fánach ag soláthar earraí Gaelacha den scoth le fada fada an lá.
Tá muid bródúil as caighdeán ár gcuid léinte. Tagann siad ar fad ó fhoinsí eiticiúla, agus is muid féin a dhéanann an dearadh agus an síodchló ar fad.
Is gnó lán-Ghaelach í seo. Déanann muid gach ghné d’ár gcuid oibre tré Ghaeilge i gceantar Gaeltachta.
Na hearraí agus deara is deireannaí uainn.
Rogha de na dearaí agus na hearraí is mó a bhfuil tóir ag ár gcuid custaiméirí orthu faoi láthair.
Cuid de na deara agus na hearraí a bhfuil dúil speisialta againne iontu. Ceapann muid go dtaitneoidh siad leatsa freisin.
B’fhéidir go gceapann tú nach bhfuil Seanfhocal na Míosa seo ábharach duitse, ach beidh neart eile ag teacht. Tiocfaidh do lá.
Mothaíonn siad go maith, caitheann siad go maith, agus tá siad go maith don chomhshaol.