Tá sé ina shamhradh, nó sin a deirtear linn ar aon chaoi. Aimsir t-léinte go deimhin, agus ar ndóigh tá tú in san áit cheart más t-léinte spéisiúla agus Gaelacha atá uait. Tá muid thar a bheith gnóthach faoi láthair, go leor cuairteoirí ag teacht tríd ár siopa sa Spidéal, agus muid ag plé go mór freisin le lucht na gcoláistí samhraidh. Buailigí isteach chugainn má bhíonn sibh sa gceantar.

Tá seanfhocal nua againn, le seasamh don samhradh ar fad...."Is maith an cara lá fada samhraidh" an ghrian ag taitneamh, dearadh le blas Ceilteach. Tá sé ar fáil ar t-léinte orgánacha do fhir agus mná, agus freisin ar chochaill agus geansaithe spraoi. Coinneoidh muid Seanfhocal na Bealtaine ag imeacht go ceann tamaillín chomh maith. Is cosúil go dtaitníonn sé go mór le daoine....'Is glas iad na cnoic i bhfad uainn'

T-LÉINTE LE DO DHEARADH FÉIN. Éinne ag smaoineamh ar t-léinte a ordú de do dhearadh féin. Déanann muid orduithe speisialta do champaí samhraidh, clubanna, cearca agus coiligh....rud ar bith atá uait. Cuirfidh sé iontas ort na praghasanna atá muid in ann a ofráil. Glaoigh orainn ag 091-553343.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá muid paiseanta faoin obair a dhéanann muid agus teastaíonn uainn freastal oraibh chomh maith agus is féidir.

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.