Bhuel tá an samhradh buailte linn i gceart anois. Bhí an aimsir go hálainn anseo i gConamara go dti seo. Go seasfaidh sí i bhfad.

Tá an ceantar anseo lán de scoláirí Gaeilge faoi láthair, agus tá an áit ag mothú breá bríomhar. Fáilte roimh na scoláirí agus a gcuid tuismitheoirí isteach i siopa an Spailpín

Thug muid ar ais ana t-léinte speisialta samhraidh a bhí againn anuraidh,"Is maith an cara, lá fada samhraidh" Tá siad breá feiliúnach do na laethanta breátha fada seo. Freisin tá roinnt dearaí nua againn anois le hofráil in sna coláistí. Is gearr go mbeidh siad ar líne againn.

Go leor geansaithe cochaill á ndéanamh againn faoi láthair do na coláistí áitiúla. Cinn speisialta le hainm an choláiste agus an bhliain orthu.

Foireann iontach ag obair linn sa Spailpín an samhradh seo. Don chéad uair le fada, d'éirigh linn foireann iomlán le Gaeilge a chur le chéile, as Conamara, Árainn, Baile Átha Cliath agus an Ostair, Deichniúr ar fad.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Anois agus aimsir laethanta saoire buailte linn má bhíonn sibh sa Spidéal, buailigí isteach chugainn. Bíonn muid ar oscailt faoi láthair seacht lá na seachtaine

Tá súil againn go bhfeicfidh muid thú gan mhoill.