AILILIÚ ...Tá siopa An Spailpín lán.

Tá muid i lár an tséasúir anseo sa Spidéal. Neart chuairteoirí, scoláirí agus a dtuismithmeoirí agus eachtrannaigh go leor ag déanamh a mbealach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Fáilte romhaibh go léir.

Tá cuma álainn ildaite ar an siopa agus é péinteáilte i ndath eile seachas bán, ón chéad uair le 30 bliain. Tá na gormacha orainn, agus ruainne beag buí. Deirtear linn go bhfuil an áit ag breathnú go hálainn. Tá muid féin lán-sásta.

Aililiú. TÁ AN POC AR BUILE

Bhí leagan eile den t-léine seo againn cheana. Ach seo ceann úrnua. Dearadh iontach agus liricí iomlána an amhráin ar an droim air. Aililiú, puililiú. Aililiú tá an poc ar buile.

Criú an tsamhraidh.Don chuid is mó den bhliain is triúr againn a bhíonn ag obair anseo i gceanncheathrú an Spailpín sa Spidéal.  Bionn sé beagáinín uaigneach sa gheimhreadh. Tá difríocht mór anois áfach. Tá grúpa breá de dhaoine óga anseo, (de bhunadh na Gaeltachta ar fad) ag cabhrú linn fáil tríd séasúr gnóthach an tsamhraidh. Tá muid an-bhródúil astu ar fad. Buailigí isteach má bhíonn tú ar chuairt sa cheantar. Tá réimse dochreidte d'earraí againn in ár siopa beag bídeach.

 

Uaireanta Oscailte ár siopa sa Spidéal: Ar oscailt 7 lá na seachtaine as seo go deireadh an tsamhraidh.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá súil againn go gcloisfidh muid uait gan mhoill.