Spailpín ag comóradh Éirí Amach na Cásca

Tá muid ag cuimhneamh siar ar 1916.

Tá comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca ar siúl anois ó thus na bliana, le hiliomad  imeachtaí ar fud na tíre. Chothaigh sé spiorad agus fuinneamh iontach sa tír. Ar ndóigh tá muid féin thar a bheith sásta go raibh muid in ann páirt a ghlacadh tré réimse earraí chomórtha den scoth a chur ar fáil, ina measc  T-Léinte agus Cochaill Mise Éire, deartha ag an sár-ealaíontóir, Richard J. King, agus léine le Forógra na Poblachta, chomh maith le suaitheantais agus buintín. Tá t-léine speisialta againn freisin a bhfuil muid in ann ainm pháiste a chur leis...féach thuas. 

Ar ndóigh tá ár ghnáth réimse t-léinte agus agus geansaithe  ardchaighdeáin ar fáil freisin i gcaitheamh an ama. Earraí do chuile ócáid.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann nó seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.,

Más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón nó tré ríomhphost  tá míle fáilte romhat.

SIOPA SA SPIDÉAL: Ar oscailt anois Luan go hAoine 9.30 go 17.30, Satharn 10.30 - 5.30. Domhnach : 12.00 - 5.30. Glaoigh 091-553343

Buail isteach chugainn má bhíonn tú sa cheantar.

Beannacht,

Gearóid & Criú