Deacair le creidiúint go bhfuil an t-am sin den bhliain tagtha arís. Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn (cé go dtugaim faoi deara bhfuil mbíonn an tseachtain ag fáil níos faide gach bliain) agus is gearr freisin go dtiocfaidh Lá 'le Pádraig.

Mar a fheiceann sibh in uachtar, tá réimse breá t-léinte glasa againn atá feiliúnach don dá ócáid, agus ar ndóigh, mura dtaitníonn uaine Éireannach leat, tá go leor dathanna eile ar fáil in sna dearaí ar fad

Ball éadaigh nua atá againn, agus a thaitneoidh go mór libh ceapann muid, ná an babygrow beag do leanaí beaga bídeacha. Tá siad bog agus tá caighdeán iontach iontu. Ná déan dearmad orthu nuair a thagann leanbh nua ar an saol.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Bainigí sásamh as an bhFéile Pádraig, agus má tharlaíonn sa gceantar thú, bí cinnte go mbuailfidh tú isteach chugainn.

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.

Fáilte go siopa Spailpin.com. Bhuel tháinig muid slán ó na stoirmeacha móra. Rinne an fharraige agus na tonnta maidhmeanna móra gach iarracht teacht chomh fada linn ach chinn orthu. D'fhágadar neart feamainne agus bruscair farraige ina ndiaidh áfach, ach cén dochar? Tá muid ar ais i mbun gnótha anois.

Anois mar is eol daoibh, is maith linn rudaí a chjoinneáil úr agus suas chun dáta i gcónaí. Dá bhrí sin tá roinnt dearaí nua á bpleanáil againn faoi láthair agus spás ag teastáil don stoc.Tá gá le roinnt dearaí imeacht de réir a chéile.

Faoi láthair, mar sin tá 4 chinn de dhearaí éagsúla cochall á n-ofráil againn anois ar €20 an ceann, laghdú ó €39 agus €32. Margadh iontach é seo, ach tá an stoc teoranta. Níor mhór ordú gan mhoill má tá suim agat iontu. Níl gach dath ná tomhas ar fáil. Seiceáil amach iad i rannóg na gCochall.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Is gearr go mbuailfidh cúpla ócáid eile in san dialann muid. Lá 'le Vailintín agus Lá le Pádraig. Beidh muid ag smaoineamh orthu agus ag cur dearaí ar fáil dóibh.

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.

Fáilte go siopa Spailpin.com. Tá an-áthas orainn go bhfuil an oiread agaibh ag smaoineamh orainn nuair a thagann sé go dtí bronntanais deasa Nollag do dhaoine muinteartha leat. An deá-scéala ná go bhfuil muid ag deighleáil le horduithe go han-scioptha ar fad agus mar sin beidh muid ag glacadh le horduithe d'Éirinn suas go dti am lóin ar an Aoine 22ú Nollaig. Aon ordú a gheofar thar an deireadh seachtaine sin, beidh sé sa bpost Dé Luain, más maith leat dul sa tseans go mbeidh sé agat Oíche Nollag.

Céard a cheapann sibh faoin ár ngeansaithe nua Nollaig Shona? Leaganacha do dhaoine fásta agus páistí ar fáil. Bhí an-éileamh orthu ó chuir muid ar fáil iad ag tús na míosa. Ar ndóigh tá réimse breá de gheansaithe agus cochaill againn, le manaí agus dearaí do ghach blas. Seiceáil amach iad. Tá siad iontach deas.

Smaoineamh maith bronntanais do dhuine speisialta i mbliana ná ár seanfhocal don gheimhreadh 'NÍ ÍSEAL NÁ UASAL, ACH THÍOS SEAL IS THUAS SEAL'. Tá sé ar fáil ar t-léinte orgánacha, chomh maith le geansaithe agus cochail d'ardchaighdeáin.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá an Nollaig ag teacht. Ná déan dearmad ar do chuid gaolta agus cairde atá ag cónaí thar lear, agus má tá tú féin thar lear, céard faoi bhronntanas deas a sheoladh go cairde agus gaolta anseo sa bhaile. Is féidir teachtaireacht deas a chur leis, más mian leat.

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.

Bhuel tháinig muid ar ais go slán sábháilte ón Treabhdóireacht agus caithfidh muid a admháil gur bhain muid an-sásamh as. Chas muid ar go leor leor daoine deasa ann agus tá muid ag súil nach ndéanfaidh siad dearmad orainn agus iad ag smaoineamh ar bhronntanais Nollag dá gcairde agus gaolta. An chéad sciúird eile ná Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne. Feicfidh muid ann sibh.

Ach anois ba mhaith linn sibh a chur ar an eolas faoin stíl nua cochaill atá againn. Tá siad sár-bhog, sár-theolaí agus tá sár-stíl acu. Le fírinne, tá siad "FOIRFE...beagnach", le poill speisialta do na hordóga agus póca rúnda don iPod, céard eile a bheadh uait? Dathanna tarraingteacha d'fhir agus mná. Seiceáil amach iad. Ní bheidh díomá ort.

SLADMHARGADH RÉAMH-NOLLAIG. Má tharlaíonn tú bheith i gceantar an Spidéil ag an am, buail isteach chuig ár siopa sa gCeardlann. Beidh muid ag glanadh amach go leor stoic ar leath-phraghas le spás a dhéanamh do dhearaí nua. SLADMHARGADH 9 lá a bheidh ann: Sath. 19/10/13 - Domh. 28/10/13

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Buail isteach chuig an Sladmhargadh sa Cheardlann.

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.

Bhuel tá rudaí ciúnaithe síos anseo sa Spidéal. Go leor cuairteoirí fós ag bualadh isteach sa siopa ach faraor tá na daoine óga ó na coláistí samhraidh bailithe leo abhaile. Ba deas ann iad. Buíochas don tacaíocht ar fad a thug siad dúinn agus comhgháirdeachas speisialta do scoláirí Choláiste Lurgan a rinne éacht ar Youtube le leagan Gaeilge d'amhrán Avicii. Bhí roinnt dearaí nua againn chomh maith a thaitin thar cionn leis na daoine óga an samhradh seo, ina measc an ceann 'Meh' atá ar thaispeáint anseo. Muna dtuigeann tú é, cuir ceist ar dhéagóir ar bith. Tá sé ar fáil ar líne uainn anois.

Dearadh eile a mbíonn an-tóir air i measc daoine áirithe ná an sean dán "Scél Lemm". go dti seo is ar t-léinte amháin a bhí sé ar fáil. Anois is féidir é a cheannach ar ghnáth chochaill agus cochaill le zip freisin. Maidir le seanfhocal nua, bhuel caithfidh sibh fanacht go Deireadh Fómhair. Brú ama orainn faoi láthair agus idir laethanta saoire agus réiteach don Chomórtas Treabhadóireachta níl am againn. Dála an scéil, má bhíonn tú ag an teabhadóireacht, buail isteach chugainn. Beidh muid i measc "Pobal na Gaeilge" i bpuball na Gaeilge

T-LÉINTE LE DO DHEARADH FÉIN. Éinne ag smaoineamh ar t-léinte a ordú le do dhearadh féin. Déanann muid orduithe speisialta do champaí samhraidh, clubanna, cearca agus coiligh....rud ar bith atá uait. Cuirfidh sé iontas ort na praghasanna atá muid in ann a ofráil. Glaoigh orainn ag 091-553343.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá muid paiseanta faoin obair a dhéanann muid agus teastaíonn uainn freastal oraibh chomh maith agus is féidir.

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.