alt

Bhuel, seo é ar deireadh, an leagan amach úrnua ar ár siopa ar line. Fáilte romhat isteach. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as.

Tá na míonna fada caite againn i mbun taighde agus smaoinimh, ag cur is ag cúiteamh in éineacht le ár bhforbróir suímh, Hervé Boinnard, le déanamh cinnte go mbeidh barr slachta ar a bhfuil le feiceáil ag ár gcustaiméirí. Tá muid féin bródúil as an méid atá curtha i crích againn. Tá súil againn chomh maith go bhfuil éascaíocht ag baint le húsáid an tsuímh.

Tá go leor gnéithe nua ag baint leis an siopa seo, agus neart earraí nua den scoth. Bí ag póirseáil leat go bhfeicfidh tú.

Agus má aimsíonn tú lochtanna ar bith, abair linn. Tá ár ndícheall déanta again ach níl muid féin gan locht, agus tá mé cinnte go bhfuil corr bhotún beag anseo is ansiúd réidh le ceartú.

Is leatsa an suíomh seo, chomh maith linne. Bain sásamh as.