alt

Deireadh Fómhair atá ann. Ní am speisialta siopadóireachta d'fhéadfá a rá ach tá neart daoine ag cónaí i bhfad i gcéin na laethanta seo agus ba bhreá leo bheith ag caitheamh t-léinte fíor-Ghaelacha ag dul isteach ina samhradh siúd

Tá rogha breá le fáil anseo, ar nós "Ní bheidh mo leithéid arís ann" a mbíonn an-tóir air i gcónaí, agus an ceann nua, Léarscáil na hÉireann déanta suas as logainmeachaón ón tír ar fad. Nó céard faoi "Irish Spoken, English Undersood"? Chuirfeadh sin daoine ag smaoineamh.

Tá go leor gnéithe nua ag baint leis an siopa seo, agus neart eile le teacht fós. Bí ag póirseáil leat go bhfeicfidh tú.

Má bhíonn fadhb ar bith agat ag clárú nó ag ceannach, abair linn faoi agus sortáilfidh muid amach duit é. Cuir glaoch scioptha orainn ag 00353-91-553343. Tá ár ndícheall déanta againn ach tá corr locht sa gcóras tagaithe chun solais agus tá muid á gceartú de réir a chéile.

Is leatsa an suíomh seo, chomh maith linne. Bain úsáid as.