alt

Fáilte isteach. Tá súil againn go bhfuil sibh ag baint sásaimh as ár suíomh úrnua. Bhí muid ag obair go tréan le seachtainí anuas le lochtanna beaga a d'aimsigh muid (agus sibh) sa chóras a chur ina gceart. Anois tá an córas ceannacháin déanta níos simplí againn agus tá rogha 'Seiceáil amach mar Chuairteoir" curtha leis, dóibh siúd nach mian leo clárú linn go fóill.

An scéala is mó atá againn, ná go bhfuil ár réimse nua Seanfhocal na Míosa tosaithe againn. Is coincheap nua é seo atá á phleanáil againn le píosa. Fuair muid neart moltaí uaibhse, ár gcustaiméirí, agus de réir a chéile cuirfidh muid go leor acu ar fáil. Tá an-áthas orainn bheith in ann an réimse speisialta seo a ofráil ar T-Léinte 100% orgánacha Earth Positive. Tá siad beagán níos daoire, ach is fiú go mór iad.
Ná déan dearmad ar rud amháin áfach. Ní bheidh aon cheann de na seanfhocail seo ar fáil ach ar feadh míosa amháin. Ina dhiaidh sin tiocfaidh ceann eile ina áit. Mar sin, má tá sé uait, ordaigh gan mhoill. Coinnigh i dteagmháil linn, agus ná déan dearmad go bhfuil an Nollaig ag teacht.