alt

Fáilte isteach. Tá mí na Nollag buailte linn agus siopa an Spailpín ag éirí an-ghnóthach. Tá réimse na Seanfhocal ag imeacht go tréan. Ar iarratas ón ár gcustaiméirí, beidh dhá sheanfocal againn don mhí seo ar réimse Geansaithe, Cochaill agus T-Léinte de chadás orgánach. Bronntanais iontacha do dhaoine muinteartha libh.

ORDUITHE TAOBH ISTIGH DE 24 UAIR A’CHLOIG. Tá seirbhís an-tapaidh againn don Nollaig. Téann beagnach gach ordú chun bealaigh taobh istigh de lá amháin. Faigheann roinnt chustaiméir a gcuid beartáin an chéad lá eile tar éis dóibh an t-ordú a chur isteach.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Seachadadh go seoladh difriúil?

Má tharlaíonn nach bhfuil ag éirí leat ar fáth ar bith ordú a chur isteach, déan teagmháil linn tríd an ríomhphost nó thar an bhfón (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann. Má tá tú ag úsáid “Seiceáil amach mar Chuairteoir", agus ag iarraidh beartáin a sheachadadh go seoladh difriúil ó do cheann féin, scríobh teachtaireacht leis an ordú agus an seoladh sheachadaidh atá uait.

Tá muid paiseanta faoin obair a dhéanann muid agus teastaíonn uainn freastal oraibh chomh maith agus is féidir.

Bainigí taitneamh as séasúr na Nollag.