Cáca Milis

Tá an-tóir ar na dearaí nua atá curtha ar fáil againn do Sheachtain na Gaeilge agus Lá 'le Pádraig. Mar a fheiceann sibh, tá cúpla dearadh as an nua ar fad againn, "Gaeilge Bhriste" agus "Fan Socair agus Labhair Gaeilge" agus tá leaganacha glasuaine curtha ar fáil freisin i gcuid eile acu. Is féidir linn cuid acu seo a dhéanamh do na páistí chomh maith. Seol ríomhphost chugainn más suim leat iad. Bí ag ordú gan mhoill áfach. Níl agat ach suas go h-am lóin Dé Chéadaoin don tír seo.

Tá Seanfhocail Eanáir fós ar fáil freisin. 'IS FEARR EOLAS NÁ IONTAS'. Is léir gur breá le daoine an t-ulcabhán cliste seo agus níl siad é iarraidh go nimeoidh sé. Chomh maith leis sin tá na cochaill "Cáca Milis" (féach an mainicín fadchosach ar chlé) agus "Tá Geansaí orm" ar fáil ar phraghas speisialta de €25

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Bhfuil tú cinnte go bhfuil cuntas agat?

Más roimh MF 2012 a rinne tú d'ordú deireanach, seans maith nach bhfuil tú cláraithe.Is fearr é sin a dhéanamh anois. Má tharlaíonn nach bhfuil ag éirí leat, ar fáth ar bith ordú a chur isteach, déan teagmháil linn tríd an ríomhphost nó thar an bhfón (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann. Más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá muid paiseanta faoin obair a dhéanann muid agus teastaíonn uainn freastal oraibh chomh maith agus is féidir.

Bainigí sult as an bhFéile Pádraig.