Bhuel tá rudaí ciúnaithe síos anseo sa Spidéal. Go leor cuairteoirí fós ag bualadh isteach sa siopa ach faraor tá na daoine óga ó na coláistí samhraidh bailithe leo abhaile. Ba deas ann iad. Buíochas don tacaíocht ar fad a thug siad dúinn agus comhgháirdeachas speisialta do scoláirí Choláiste Lurgan a rinne éacht ar Youtube le leagan Gaeilge d'amhrán Avicii. Bhí roinnt dearaí nua againn chomh maith a thaitin thar cionn leis na daoine óga an samhradh seo, ina measc an ceann 'Meh' atá ar thaispeáint anseo. Muna dtuigeann tú é, cuir ceist ar dhéagóir ar bith. Tá sé ar fáil ar líne uainn anois.

Dearadh eile a mbíonn an-tóir air i measc daoine áirithe ná an sean dán "Scél Lemm". go dti seo is ar t-léinte amháin a bhí sé ar fáil. Anois is féidir é a cheannach ar ghnáth chochaill agus cochaill le zip freisin. Maidir le seanfhocal nua, bhuel caithfidh sibh fanacht go Deireadh Fómhair. Brú ama orainn faoi láthair agus idir laethanta saoire agus réiteach don Chomórtas Treabhadóireachta níl am againn. Dála an scéil, má bhíonn tú ag an teabhadóireacht, buail isteach chugainn. Beidh muid i measc "Pobal na Gaeilge" i bpuball na Gaeilge

T-LÉINTE LE DO DHEARADH FÉIN. Éinne ag smaoineamh ar t-léinte a ordú le do dhearadh féin. Déanann muid orduithe speisialta do champaí samhraidh, clubanna, cearca agus coiligh....rud ar bith atá uait. Cuirfidh sé iontas ort na praghasanna atá muid in ann a ofráil. Glaoigh orainn ag 091-553343.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá muid paiseanta faoin obair a dhéanann muid agus teastaíonn uainn freastal oraibh chomh maith agus is féidir.

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.