Tá sé go hálainn anseo i gConamara anois agus an Fómhair buailte linn. Roinnt cuairteoirí fós thart, buíochas le Dia.

Tá muide lonnaithe i gCeardlann an Spidéil maraon le naonúr de cheardaithe eile agus bialann álainn, An Builín Blasta. Tá an Cheardlann ag ceiliúradh 30 bliain a bhunaithe i mbliana, agus ní raibh an áit riamh ag breathnú chomh breá. Buail isteach má bhíonn tú sa cheantar, nó tabhair cuairt ar shuíomh na Ceardlainne ag www.ceardlann.com.

Bhí roinnt mhaith t-léinte nua againn i rith an tsamhraidh agus, mar a fheiceann sibh, dearadh nua don Fhómhair. Mar sin, seo seanfhocal an Fhómhair. Tá a fhios againn go nglacfaidh roinnt daoine an bhrí mí-cheart as, ach sin mar a bhíonn i gcónaí. Ní meisce ná andúil ata i gceist, ach TART. 'Galar gan náire an tart', ar fáil ar t-léinte orgánacha chomh maith le geansaithe agus cochaill, d'ard-chaighdeán.

Rud eile gur fiú a lua. Is féidir linn t-léinte do do rogha féin a dhéanamh chomh maith le léinte Spailpín. Orduithe móra agus beaga....ceann amháin fiú. Smaoinigh air.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Buail isteach chugainn má bhíonn tú sa cheantar. Bíonn muid ar oscailt fós seacht lá na seachtaine

Tá súil againn go bhfeicfidh muid thú gan mhoill.