Go leor ag tarlú anseo sa Spailpín agus muid ag fáil faoi réir do shéasúr na Nollag. Ag iarraidh a chinntiú go mbeidh réimse breá d'earraí nua daoibh .

Mar a fheiceann sibh thuas, tá albam nua díreach eisithe ag Colm Mac Séalaigh ball de bhanna ceoil Na Fíréin. Tá 18 d'amhráin nuachumtha air, i stíleanna éagsúla agus ag plé le réimse leathan ábhar. Is fiú go mór é a bheith i do bhailiúchán agat. An-áthas ar mhuintir An Spailpín Fánach bheith bainteach leis. Tá an dlúthdhiosca, maraon le na liricí. Agus don chead uair riamh...is féidir éisteacht le cuid de na rianta ceoil ar an suíomh seo

Tá forbairt á dhéanamh againn ar an siopa seo faoi láthair, agus mar fhreagra ar éileamh leanúnach, tá sé rannóg nua do chártaí beannachta á chur ar fáil againn, chomh maith le leathnú a dhéanamh ar ár réimse ceoil agus eile.

Rud eile gur fiú a lua, is féidir linn t-léinte do do rogha féin a dhéanamh chomh maith le léinte Spailpín. Orduithe móra agus beaga....ceann amháin fiú. Smaoinigh air.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Buail isteach chugainn má bhíonn tú sa cheantar. Bíonn muid ar oscailt fós seacht lá na seachtaine

Tá súil againn go bhfeicfidh muid thú gan mhoill.