SPRIOC-AM ORDUITHE: Beidh muid ag glacadh le horduithe do phostáil roimh Nollaig in Éirinn suas go dti 1.00pm Dé Luain 22/12/14.

Séasúr na Nollag faoi lán tseoil anseo i siopa an Spailpín. An ghnóthach ag priondáil agus ag seoladh orduithe chun bealaigh

An scéal is nua atá againn ná go bhfuil dearadh úr-nua againn, a rinne muid le cúnamh ón ár gcara Marion Ní Shúilleabháin, craoltóir cumasach le Raidio na Gaeltachta. Leaganacha dúchasacha a bhaineann le tuar na haimsire. Go leor de shaibhreas cainte na Gaeltachta le foghlaim ón t-léine tarraingteach seo

Leagan nua déanta againn d'ár ngeansaí Nollag. Is cosúil go dtaitníonn sé go mór le ár gcustaiméirí. Rud aisteach ná go bhfuil go leor t-léinte Nollaig Shona á ndíol i mbliana chomh maith

UAIREANNTA OSCAILTE: LUAN go SATHARN: 10.00 - !8.00. DOMHNACH: 11.00 - !8.00 go Nollaig. Buail isteach. Tá réimse i bhfad níos mó againn sa siopa.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Buail isteach chugainn má bhíonn tú sa cheantar. Bíonn muid ar oscailt fós seacht lá na seachtaine

Tá súil againn go bhfeicfidh muid thú thar an Nollaig.