IS MAITH AN CARA LÁ FADA SAMHRAIDH

Bhuel tá na fáinleoga ar ais i gConamara. Tá na mílte scoláirí óga sa gceantar agus nach muid atá sásta go leor acu ag caitheamh t-léinte agus geansaithe de chuid an Spailpín. Bhí an-tóir ar an léine thuas 'Lá Fada Samhraidh', ón am a chuir muid ar fáil é. Tagann sé i t-léinte áille boga déanta as  100% Cadás Orgánach.

GAELTACHT 2015. Réimse speisialta.

Don chéad uair anuraidh, chuir muid t-léine Gaeltachta speisialta ar fáil, agus glacadh go fonnmhar leis, agus ní hamháin in Éirinn. Chuaigh go leor acu go dti tíortha i bhfad i gcéin. Tá dearadh nua againn i mbliana, agus is cosúil go dtaitníonn sé go mór len ár gcustaiméirí.

 

Criú an tSamhraidh. Na Spailpíní Óga.

Don chuid is mó den bhliain is triúr againn a bhíonn ag obair anseo i gceanncheathrú an Spailpín sa Spidéal.  Bionn sé beagáinín uaigneach sa gheimhreadh. Tá difríocht mór anois áfach. Tá grúpa breá de dhaoine óga anseo, (de bhunadh na Gaeltachta ar fad) ag cabhrú linn fáil tríd séasúr gnóthach an tsamhraidh. Tá muid an-bhródúil astu ar fad. Buailigí isteach má bhíonn tú ar chuairt sa cheantar. Tá réimse dochreidte d'earraí againn in ár siopa beag bídeach.

 

Uaireanta Oscailte ár siopa sa Spidéal: Ar oscailt 7 lá na seachtaine as seo go deireadh an tsamhraidh.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá súil againn go gcloisfidh muid uait gan mhoill.