Téarmaí Seirbhíse An Spailpín Fánach
logo-spailpin-2-no-shade-white-background

Seachadadh

Déanfar na costais seachadta a áireamh agus a thaispeáint nuair a bheidh tú ag an seiceáil amach, sula mbeidh ort d'ordú a dhearbhú.

De ghnáth seoltar orduithe chun bealaigh taobh istigh de dhá lá oibre, ach go minic taobh istigh de lá amháin. Má tá fáth ar bith go mbeidh moill neámhghnáthach ar d’ordú, cuirfimid in iúl duit é tríd ríomhphost nó / agus téacs. Beidh deis agat ansin an t-ordú a chur ar ceal más fearr leat. Is tríd an gnáth phost caighdeánach a dhéanfar seachadadh in Éirinn, agus tríd gnáth aerphost go dti gach tír eile.

Seachadadh chuig seoladh in Éirinn (32 chontae), taobh istigh de 2 lá ón am a fhágann sé An Spailpín Fánach.

Seachadadh chuig seoladh in san Ríocht Aontaithe nó an tAontas Eorpach, taobh istigh de 7 lá ón am a fhágann sé An Spailpín Fánach.

Seachadadh chuig seoladh i SAM nó Ceanada, taobh istigh de 10 lá ón am a fhágann sé An Spailpín Fánach. 

Seachadadh chuig seoladh in san Áise, an Astráil agus an Nua-Shéalainn, taobh istigh de 14 lá ón am a fhágann sé An Spailpín Fánach.

 

As Stoc

Má bhíonn earra a d'ordaigh tú as stoc cuirfimid in iúl duit é tríd an ríomhphost agus ofráilfidh muid rogha eile duit nó an deis an t-ordú a chur ar ceal.

 

Modhanna Íocaíochta

Glacaimid íocaíocht trí na cártaí creidmheasa agus dochair is coitianta ar fad tríd an gcomhlacht Stripe (Féach in íochtar). Is i Euro a dhéanfar an íocaíocht.

Más fearr leat íoc trí Paypal roghnaigh "Paypal".

 

STRIPE

Úsáideann muid Stripe.com chun ár gcuid íocaíochtaí ar line a phróiseáil. Is comhlacht Éireannach / Meiriceánach é Stripe, atá go mór chun tosaigh i sláníocaíocht ar líne go hidirnáisiúnta. Ní fhaigheann An Spailpín Fánach sonraí cártaí ar chor ar bith.

 

Dearbháin Bronntanais agus Cúpóin

Tá cearta an tomhaltóra leagtha síos sa dlí agus tá dáta éagtha de chúig bhliana ar a laghad i gceist le dearbháin bronntanais.

Ní chaithfidh tú luach iomlán an dearbháin a chaitheamh in aon gheábh amháin. Má tá iarmhéid de €1 nó níos mó ar dhearbhán beidh tú in ann an dearbhán a úsáid arís.

 

Ráthaíocht

Geallaimid go mbeidh tú sásta le do cheannachán. Mura bhfuil tú sásta le hearraí ar bith, cuir ar ais iad laistigh de 30 lá, le do thoil. Beidh postas le híoc ag an gcustaiméir, sa gcás nach raibh aon locht ar an earra ag fágáil An Spailpín Fánach.

 

Toisí agus Dathanna

Déanann muid gach iarracht toisí cruinne a lua leis na gairméidí ar fad a oftráileann muid ar líne. Tugann muid toisí brollaigh do na méideanna éagsúla. Molann muid na toisí seo a chur i gcomparáid le gairméad den chineál céanna atá agat cheana féin. Go ginearálta, bíonn na héadaigh ban luiteach agus mar sin bíonn siad i bhfad níos lú ná héadaigh fear (aonghnéasach).

Maidir le dathanna, ní mór glacadh le na dathanna a fheiceann tú ar do scáileán mar threoir ghinearálta amháin. Ní hionann dathanna ar ghach scáileán ríomhaire.

 

Seirbhís custaiméara

Má bhíonn fadhb agat agus tú ag cur ordú isteach, nó fiú muna bhfuil ann ach ceistín bheag nach bhfuil freagartha ar ár suíomh, is féidir i gcónaí teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost nó trí ghlaoch gairid a dhéanamh orainn. Déanfaidh muid ár míle dhícheall do cheist a fhreagairt agus tú a chur ar do shuaimhneas.

 

Polasaí Rúndachta

Ní thugaimid aon eolas faoin ár gcustaiméirí do thríú páirtí.


About
Teagmháil