Peigín Leitir Móir - CD agus leabhar do pháistí

peiginleitirmoirthumbnailbig
peiginleitirmoir2big
Níl Ráta Fós

Ón bhfoireann chéanna a chuir Gugalaí Gug i láthair an tsaoil (a bhfuil 7,000 cóip de díolta ón uair ar foilsíodh i ndeireadh na bliana 2005 é), seo cnuasach álainn eile, i bhfoirm leabhair agus dlúthdhiosca de rannta agus amhráin ón traidisiún. Trí ghlúin d'fhonnadóirí agus rannairí atá le cloisteáil arís ar Peigín Leitir Móir - ina measc, buaiteoir chomórtas sean-nós na mban ag Oireachtas na Gaeilge: Caitlín Ní Chualáin, ó Indreabhán; an t-aisteoir aitheanta ón Spidéal, Peadar Ó Treasaigh (a ghlac páirt sna scannáin Cré na Cille agus Kings); chomh maith le foireann rannairí agus amhránaithe ó Scoil na Tulaí agus Scoil Thír an Fhia i gConamara. Is cinnte go mbeidh tóir mhór air i measc na mílte a cheannaigh an chéad teideal sa tsraith, Gugalaí Gug!


Le Páipéar Ceilteach:

Praghas:
€ 14.95

Féach ar léirmheasanna

Níl aon léirmheasanna fós don táirge seo.

Faigh Ár Nuachtlitir

Cuir d'ainm leis an liosta-poist don nuachtlitir.

Liostáil

Ciseán Siopadóireachta

Ciseán folamh
Visa MasterCard Paypal