Thosnaigh An Spailpín Fánach i 1979 mar thionscnamh beag a raibh d'aidhm aige an Ghaeilge a thabhairt isteach sa nua-aois trí shuaitheantais, greamaitheoirí agus T-léinte Gaeilge a dhearadh agus a chur ar fáil. Ar feadh blianta ina dhiaidh sin chaith muid míonna an tsamhraidh ag taisteal ó cheann ceann na tíre "ag díol is ag reic ár sláinte" ar nós na spailpíní fadó. Thugadh muid cuairt ar na Gaeltachtaí ar fad, rinne muid neart cairde nua, agus d'fhoghlaim muid go leor.

Ó 1985 i leith tá muid lonnaithe i gCeardlann an Spidéil, ionad breá tarraingteach, áit a n-oibríonn grúpa lámhcheardaithe i dteannta a chéile i suíomh álainn ar bhruach na mara. Is ionad de chuid Údarás na Gaeltachta an Cheardlann.

Spailpíní Lá Pádraig

Síodchló an phríomhcheard a bhíonn ar siúl againn féin. Déanann muid féin an dearadh agus cuirtear na léinte agus earraí eile i gcló ar an láthair. Déanann muid iarracht teacht suas le smaointe agus dearadh nua ar bhonn rialta. Is é Turlough O'Connor ár mbainisteoir priondála, agus sí Hedi Gotthalmseder (Ostaireach bhreá eagraithe, a choinníonn smacht orainn) atá anois ag bainistiú an tsiopa. Aon jaibeanna beaga fánacha eile a bhíonn le déanamh, fágtar fúmsa iad. Sa samhradh bíonn cúnamh breise againn ó dhaoine óga cumasacha ón cheantar.

Bunaíonn muid ár gcuid dearaí ar an dúchas, ar an tseandálaíocht, ar sheanfhocail agus roinnt cartúin fiú. Is maith linn a cheapadh go bhfuil rud eicínt againn don uile dhuine. Cé go ndíríonn muid go príomha ar ár gcuid táirgí féin, ciallaíonn an spás siopa atá againn sa gCeardlann, go bhfuil muid in ann réimse níos leithne d’earraí a chur ar fáil sa siopa anois. Chomh maith le T-léinte agus geansaithe tá cártaí beannachtaí, leabhair & cluichí do pháistí agus do dhaoine fásta, dlúthdhioscaí, cúrsaí Gaeilge, clúdaigh cuisíní síoda, scairfeanna Ceilteacha veilbhit agus iliomad earraí eile.

Sé an aidhm atá againn, freastal ar lucht na Gaeilge agus orthu siúd ar mian leo an Ghaeilge a shníomh isteach ina saol laethúil. Sa samhradh fáiltíonn muid roimh na mílte stráinséirí ó thíortha eile agus is breá linn an dúchas Gaeltachta a roinnt leo.

Is mór linn do thacaíocht.

Gearóid agus Criú an Spailpín