Cáca Milis

Bhuel tá an t-earrach buailte linn, an t-am ar cheart dúinn bheith ag smaoineamh ar muid féin a fheistiú don samhradh, ach is cosúil go gcaithfidh muid fanacht tamall eile. Ar aon chaoi tá seanfhocal nua againn do mhí Aibreáin.Tréad beag caorach, agus iad ar fad i mbun gnímh le chéile. Tá súil againn go dtaitníonn sé libh. Ar fáil ar t-léinte orgánacha do fhir agus mná, agus freisin ar chochaill agus geansaithe spraoi (sweatshirts).

Tá Seanfhocail Mhárta fós ar fáil chomh maith. 'Is fearr Gaeilge Bhriste, ná Béarla Cliste'. Tá an-tóir fós orthu seo. Chomh maith leis sin tá na cochaill "Cáca Milis" agus "Tá Geansaí orm" ar fáil ar phraghas speisialta de €25 (laghdú ó €39)

PRAGHASANNA IS SAOIRE d'éadaigh ard-chaighdeáin. Bhfuil a fhios agat go bhfuil ár gcuid praghasanna i bhfad níos saoire ná dreamanna eile i margadh t-léinte in Éirinn? Cén fáth? Mar gheall gur muid féin a dhéanann an dearadh agus an priondáil go léir, agus mar gheall go bhfuil siopa fisiciúil againn chomh maith. Buail isteach chugainn i gCeardlann an Spidéil.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá muid paiseanta faoin obair a dhéanann muid agus teastaíonn uainn freastal oraibh chomh maith agus is féidir.

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.