Bliain Nua Mhaith d'ár gcairde go léir.

DO CHUID TUAIRIMÍ le do thoil!!! Le tosú amach i 2015, ba bhreá linn cloisteáil uaitse. Céard é do bharúil faoin tseirbhís a chuireann muid ar fáil? Na hearraí atá againn? Céard a dhéanann muid go maith, agus go speisialta, céard a bhféadfadh muid a fheabhsú? Déanann muid ár ndícheall ach b'fhéidir gur aimsigh tú comhlacht eile a thugann seirbhís níos fearr ná muid féin? Inis dúinn le do thoil. Ní fiú dúinn a bheith sa dorchadas. This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Bhfuil aon smaointe iontacha agat i gcomhair t-léinte? Má tá, abair linn agus má úsáideann muid é, beidh tú ar an gcéad duine le ceann a chaitheamh. Ná bí cúthaileach!

SCÉAL NA HAIMSIRE. Bhuel tá an dearadh úr-nua 'An Aimsir in Éirinn' ag tarraingt airde.Rinne muid seo le cúnamh ón ár gcara Marion Ní Shúilleabháin, craoltóir cumasach le Raidio na Gaeltachta. Leaganacha dúchasacha a bhaineann le tuar na haimsire. Go leor de shaibhreas cainte na Gaeltachta le foghlaim ón t-léine tarraingteach seo

UAIREANNTA OSCAILTE: Ar oscailt go mírialta faoi láthair. Is fearr glaoch roimh theacht ar chuairt, nó níos fearr fós, ordaigh ar líne.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá súil againn go gcloisfidh muid uait gan mhoill.