T-LÉINTE ASF. Suíomh nua i mbun tógála

Tagann go leor daoine chugainn ag iarraidh rud speisialta a scríobh ar t-léine, ceann amháin nó cúpla cheann. Déanann muid é seo  ach go dti seo níor fhógair muid mórán é. Ba mhaith liom a insint daoibh go bhfuil suíomh nua ar líne againn anois, le deighleáil leis na horduithe seo...bhuel i mbun tógála. Déanann An Spailpín Fánach soláthar agus priondáil speisialta de rogha an chustaiméara ar t-léinte, geansaithe, suaitheantais agus rogha mór d'earraí eile..Grianghraifeanna, manaí, Logónna. Orduithe móra agus beaga, aonphíosaí fiú. Seo seirbhís sa mbreis ar earraí Spailpín. Má smaoiníonn tú riamh go bhfuil gá agat leis an tseirbhís seo, ná déan dearmad orainne.

An Samhradh thart faraor

Tá cúrsaí i bhfad níos ciúine thart anseo anois. Na scoláirí imithe abhaile agus foireann an tsamhraidh imithe uainne. Ach tá go leor idir lámha againn. Ag obair ar dhearaí nua agus ag pleanáil ar aghaidh

BRONNTANAS DUIT........GAELTACHT 2015 (luach €14) saor in aisce le haon léine eile.

Tá stoc beag t-léinte Gaeltacht 2015 fágtha againn. Tá na léinte seo  go hálainn. Tá muid ag ofráil ceann acu saor in aisce le haon ordú gairméid a fhaigheann muid, faid a mhaireann an stoc. 

Uaireanta Oscailte ár siopa sa Spidéal: Ar oscailt 7 lá na seachtaine 

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Tá súil againn go gcloisfidh muid uait gan mhoill.