Spailpín ag comóradh Éirí Amach na Cásca

Tá muid ag cuimhneamh siar ar 1916 agus an tréimhse thart ar an am stairiúil sin.

D'fhreastail mé féin (Gearóid) ar an scoil chéanna le Pádraig agus Willie Mac Piarais, rud a chuaigh go mór i gcion orm. Mar gheall air sin tá réimse nua dearaí den scoth á bpriondáil againn, cuid acu sean ar nós Mise Éire, deartha ag an sár-ealaíontóir, Richard J. King. Tá súil againn go gcaithfidh sibh iad le bróid. Tá CD Mise Éire againn chomh ar ndóigh. Ceol a chum Seán Ó Riada don scannán den ainm chéanna.

Má tá aon smaointe eile agaibh, bígí i dteagmháil linn.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

SIOPA SA SPIDÉAL: Ar oscailt anois Luan go hAoine 9.30 go 17.00, Satharn 10.30 - 5.30. Glaoigh 091-553343

Súil againn go gcaithfidh 2016 go maith libh..